D’imigh Páidí go hAlbain, go Berwick-on-Tweed, nuair a bhí sé ocht mbliana déag ag obair feirmeoireachta. Ba £3-10/- an phá a bhí aige agus níor shásaigh an obair ná an phá é. Tá scéal ag Páidí faoi mar a thug carr iarracht é féin agus beirt fhear a bhí leis iad a leagaint agus iad ag siúl an bhealaí.